An Seanadóir Seán Kyne atá ar cheann an slua i nGaillimh Thiar - ar éigean - de réir phobal bhreith TG4 agus an Irish Times a foilsíodh anocht.
An Seanadóir Seán Kyne atá ar cheann an slua i nGaillimh Thiar - ar éigean - de réir phobal bhreith TG4 agus an Irish Times a foilsíodh anocht. Sam Boal

Seán Kyne srón chun tosaigh ar Thomas i nGaillimh Thiar de réir pobalbhreith TG4

Foilsíodh torthaí phobalbhreith TG4 le h-aghaidh Gaillimh Thiar anocht. Is é iar Phríomh Aoire an Rialtais, an Seanadóir Seán Kyne, atá chun tosaigh ar éigean ar iarrthóir Éire Neamhspleach.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

 TÁ IARRTHÓIR FHINE Gael, an Seanadóir Seán Kyne, srón chun tosaigh ar Noel Thomas ó Éire Neamhspleach/Independent Ireland sa rás chun an fholúntas a d’fhág toghchán Catherine Connolly ina hUachtarán a líonadh, tá sé tugtha le fios i bpobalbhreith nua ó TG4 agus an Irish Times a foilsíodh anocht.

Is é Kyne, a bhí ina Theachta Dála agus ina Phríomh-Aoire ar an Rialtas, atá chun tosaigh le 17% de na roghanna a rinneadh 530 vótóir sa phobalbhreith a rinne IPSOS/B&A idir an Aoine seo caite agus Máirt na seachtaine seo.

Tá Thomas, a chríochnaigh sa séú háit ag an olltoghchán agus gan ach cúig shuíochán i nGaillimh Thiar, ar 16% agus iarrthóir an Lucht Oibre ar 12% – Helen Ogbu – is fearr atá ag cruthú i measc iarrthóirí an éite clé.

Tá Míde Nic Fhionnlaoich, ar cainteoir dúchais Gaeilge í ó Leitir Móir, ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta agus ise ar 9%, Cillian Keane (Fianna Fáil) ar 8%, Mike Cubbard (Neamhspleach) agus Mark Lohan (Sinn Féin) ar 7%, is Niall Murphy ón gComhaontas Glas agus Thomas Welby (Neamhspleach) ar 6%.

Tá Orla Nugent, iarrthóir Aontú, ar 4% de réir an tsuirbhé agus Sheila Garrity – an t-iarrthóir a roghnaigh lucht tacaíochta Catherine Connolly lena brat neamhspleach a iompar – ar 3%. Is é Denman Rooke atá ag seasamh ar son Pobal Roimh Brabhús agus tá seisean ar 2%.

D’iarr an phobalbhreith ar vótóirí cé dó a thabharfadh siad an dara rogha agus fuair Kyne 15% acu seo, go maith chun tosaigh ar Thomas ach aon chéatadán amháin chun tosaigh ar Welby a fuair 14% de na vótaí dara rogha.

Beidh torthaí phobalbhreith TG4 agus an Irish Times i mBaile Átha Cliath Láir an Déardaoin seo chugainn, 14 Bealtaine.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Close
7 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
Submit a report
Please choose a reason for reporting this comment. Your report will be reviewed by our moderation team
We've received your report. Thank you for helping keep our community safe and respectful.

Leave a comment cancel

 
JournalTv
News in 60 seconds